Is éard is lios ann ná lonnaíocht chiorclach dhaingnithe a tógadh den chuid is mó le linn na Cré-Umhaoise suas go dtí timpeall na bliana 1000. Faightear iad i dTuaisceart na hEorpa, go háirithe in Éirinn, i nDeisceart na Breataine Bige, agus i gCorn na Breataine.[1] Tá liosanna de mhéideanna difriúla ann, agus rinneadh iad as clocha nó as cré. De ghnáth, thógadh rampar ciorclach (an ráth — is é an lios an spás sa lár) chomh maith le pailís adhmaid, timpeall lios cré. Go ginearálta, bheadh foirgneamh amháin ar a laghad laistigh den lios.
De réir an bhéaloidis in Éirinn, tá ceangal idir liosanna agus na daoine maithe — uaireanta tugtar “sidh-lios” orthu,[2] nó “fairy fort” i mBéarla.
© MMXXIII Rich X Search. We shall prevail. All rights reserved. Rich X Search